Úirchill An Chreagáin

Unique Word Count: 262

Ag Úirchill a' Chreagáin sea chodail mise 'réir faoi bhrón 
Is le héirí na maid'ne tháinig ainnir fá mo dhéin le póig 
Bhí gríosghrua garth' aici ‘gus loinnir ina ciabh mar ór
'S ba é íocshláinte 'n domhain a bheith 'g amharc ar a' ríoghan oig

A fhiafhir charthanaigh, ná caitear thusa 'néalta 
Ach éirigh go tapaidh agus aistrigh liom siar sa ród
Go tír dheas na meala nach bhfuair galla inti réim go fóill
'S gheobhair aoibhneas ar hallaí 'mo mhealladhsa le siansa ceoil

Cha dhiúltaínn do chuireadh ar a gcruinníonn siad na ríteh d’ór 
Ach gur cladhartha liom scaradh le mo charaid atá sa tír go fóill 
An chéile úd a mheall mé le mo ghealladh tráth bhí sí óg,
Dá dtréigfinn anois í gur feasach dom go mbeadh sí i mbrón.

Cha shílim gur caraid duit a maireann de do ghaolta beo, 
Tá tú faofa gan earra bocht earraídeach baoth gan dóigh
Nárbh fhearr duit san liosaibh agus mise le do thaobh gach neoin , 
Ná an tír seo bheith ag fonóid faoi gach rábhán dá ndéan tú a cheol.

A ríoghan is deise 'n tú Hélen fár tréaghdadh slóigh
No’n de na naoi mná deasa Pharnassus thú 'bhí déanta ‘ gcló?
Cá tír insa' chruinne 'nar hoileadh tú, a réalt gan cheo
Le'r mian leat mo shamhhailsa bheith 'cogarnaigh leat siar sa ród?

Ná fiafraigh díomsa an cheist sin nó ní chodlaím a’ taobh seo ‘en Bhóinn;
Is síogaí beag linbh mé a hoileadh le taobh Ghráinne Óig.
I mbruíon cheart na n-ollamh bím go follas a’ dúscadh an cheoil, 
Bím san oích’ ag Teamhair ‘s ar maidin i lár Thír Eoghain.

Sé mo ghéarghoin tinnis gur theastaigh uainn Gaeil Thír Eoghain, 
Agus oidhrí an Fheadha gan seaghais faoi lig dár gcomhair –
Géaga glandaite Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh ‘n ceol
‘S a chuirfeadh éideadh fá Nollaig ar na hollúin bheadh a’ géilleadh dóibh.

Ó tréaghdadh na treabha bhí in Eachroim, is faraoir fán 
Bhóinn Sliocht Íre na flatha bhéarfadh foscadh do gach draoi gan ghleo. 
Nárbh fhearr duitse imeacht agus mise le do thaoibh gach neoin
Ná saighde Chlann Bhullaí bheith ag polladh fríd do thaobh go deo?

A Ríoghan is deise, más cinniún duit mé féin mar stór 
Tabhair léagsa is gealladh dom ar maidin sula dtéam sa ród,
Má éagaim fán tSionainn, i gcrích Mhánainn nó san Éiphte Mhór
Gurb ag Gaeil chumhra a’ Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód.