Úna Bhán

Unique Word Count: 274

A Úna bhán, a bhláth na ndlaoi ómra 
Atá th'r éis do bháis de bharr droch-chomhairle,
Féach, a ghrá, cé acu b'fhearr den dá chomhairle,
A éin i gcliabhán 's mé in Áth na Donóige

A Úna bhán, d'fhág tú mé i mbrón casta,
Agus cé b'áil leat bheith a' trácht air go deo feasta,
Cúilín fáinneach ar ar fhás suas an t-ór leachta. 
'S go mb'fhearr liom ar láimh leat ná an ghlóir Fhlaitheas

Na cheithre Úna, na cheithre Aine, na cheithre Máire 's na cheithre Nóra,
Na cheithre mná ba cheithre bpeáca gceapda na Fódla,
Na cheithre táirní a chuaidh 's na cheithre clára, na cheithre cláracha cónra,
Ach na cheithre gráin ar na cheithre mná nach dtug na cheithre grá go na cheithre póga.

'Gus Úna Bhán Nic Diarmaid Óig,
Fiorsgoth Búrcach, Brúnach, 's Brianach Mór, 
Bhí do bhéal mar an tsiúcra, mar leamhnacht, mar fhíon, 's mar bheoir,
'Gus do dhois deas lúfar 'sí shiúlfadh gan fiar i mbróig.

A shúil is glaise ó ná ligeann anuas an bhraon,
A ghuth is binne ná guth na cuaiche ar chraobh,
A thaobh is gile ó ná coipeadh na gcuan seo thíos,
'Gus a stór is a chumainn, nach mic do bhuireadh thríom.

Tú an shneachta ar lár agus barr air chomh dearg le fuil
Samhail mo ghrá ní fhaighim i mbealach ar bith,
Ach féacaidh, a mhná, cé mb'fhearr an t-ochón ansin ó
Ná'n t-aon ghlaoi amháin ag Ath na Danóige.
 
A Úna bhán, ba rós i ngairdín thú
'S ba choinnleoir óir ar bhord na banríona thú 
Ba cheiliúr's ba cheolmhar a' gabháil an bhealaigh seo romham thú
'S é mo chreach mhaid'ne brónach nár pósadh le do dhúghrá thú.

A dhearthair, ó dá bhfeictheá sa teampall í 
Ribín uaithne anuas ar a ceann mar ghnaoi, 
gach dlaoi dá gruaig in a dual mar an ómra bhuí
Ach sé mo thrí thruaige nár luadadh liom i gcleamhnas í.

'Gus rachainn leat ar bharra slat i loing faoi sheol,
A bhrollaigh geal nár tharraing ort fear an áirneáin fós,
Ach dar an Leabhar Breac ós mionna ceart é ag cách le tabhairt,
Mura gcodlaíodh leat is doimhin seal mo cheann faoin bhfód.

Is trua gan mise i mo phréachan dubh,
Go dtabharfainn an ruaig úd suas ar leath fhalla an chnoic,
'Mo ghath gréine i mbarr fréime ag casadh faoi shruth,
'Gus mo ghrá féin ar gach taobh dhíom á castáil dom.

A Úna Bhán nach gránna an luí tá ort 
Do cheann le fána i measc na mílte corp,
Ach mara dtuga tú fáir orm a phlandóigh bhí riamh gan locht,
Ní thiocfaidh mise 't-áras go brách ach an oíche 'nocht.

A Úna bhán, is tú do mhearaigh mo chiall,
A Úna, is tú chuaigh go dlúth idir mé 'gus Dia,
A Úna, a chraobh chumhra, a lúibín chasta na gciabh,
Nárbh fhearr domsa bheith gan súile ná d'fheiceáil riamh.

-Tomás Mac Coisdealbhaigh.