Unique Word Count: 219
Dhá mbeinnse seal mar a bhí mé, gan aois, gan pianta cnámha, Ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian, Bheinn go síoraí ag seinm cheoil di mar is í is deise, míne glórtha, Leis an méid a dtug mé grá di rinne sí áras i mo chroí. Cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar mhná i gcónaí, Nó ag smaoineamh ar bhlas a bpóga, nach í an ógh í a bheannaigh Críost, Dhá mba liomsa uilig críoch Fódla, i do dhiaidh ní mhairfinn beo mí, Is é mo léan gan thú is mé pósta, a Úna dheas Ní Nia. An té d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh is í ag siúl amach ina cóiriú, Ba gheall leis an réalt eolais í, ag goil romham amach sa tslí, Níl baol seachmalla ná ceo ar bith choíchin ná go deo di, ’S an ghrian níor scairt sí fós uirthi chomh mómhar le mo mhian. Tá a cúilín trilseach fáinneach lag fite gar dá cluasa, Tá a dhá grua mar na rósa is an lile ag briseadh tríd, Is fadó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stua-bhean, Murach an áit ar cheap Dia lóistín di i dtórainn Inis Ní. Dhá mbeadh sí suas in éifeacht is a gcomhairle a bheith ina chéile An t-am a raibh na Gréagaigh ag goil chun cogaidh leis an Traoi, Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh, Is i bPáras a bheadh ceann réitigh ag Úna dheas Ní Nia. Dá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí uilig Bonaparte, Is saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt, Níl pínn dhá mbeadh i m’fháltas, nach dtabharfainnse ar láimh di, Le súil gur mise an páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia. Sí Úna mhaiseach mhómhar chuirfeadh smais ar mhná chríoch Fódla, Le stuaim, le gean is le córtas, le cóiriúlacht is le gnaoi, Dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breá deasa an tsóláis, Is í Úna bhán a thoghfainn i dtosach ar mhná an tsaoil. Is nach mór an t-údar éagnaigh nár rugadh bliain roimh ré í, Sul má cailleadh fir níos tréine ná mar a béarfar arís choíchin, Heirciléas is a ghaolta, cén gar dúinn bheith dhá shéanadh? Ach é a fhágáil ag lucht léinn nó ag seanchairde le roinnt.