We Three Kings / Ríthe Muid
Unique Word Count: 85
Translation: Tonaí Ó Roduibh
Ríthe muid a tháinig anoir
Bronntanais i málaí iompair
Mílte fada thar sliabh is talamh
Ag leanacht réalt úd thoir
Curfá:
Ó réalt an áthais, réalt na hoích(e)
Réalt na háille is dual do rí
Síor ag taisteal, dian an aistear
Soilsigh dúinn fad ár slí
Rugadh mar rí i scioból lom
Próca óir a iompraím liom
Rí anois is rí go deo
Rí do chách, geal is gorm
Curfá
Boladh deas a leanann mo mhála
Ag éirí as túis ina próca
Crithir saibhir as an oirthear
Le dó in ómós do Dhia
Curfá
Luach ard atá ar an miorr
Cumhrán ríoga dár slánaitheoir
Mo chroí lán le háthas is bród
Triúr ag eachtrú ina onóir
Curfá
Source: https://gaeloideachas.ie/document/amhrain-na-nollag/