When A Child Is Born

When A Child Is Born / Spréann Ga Dóchas Ins An Spéir 

Unique Word Count: 69

Spréann ga dóchas ins an spéir
Lasann réalt beag thuas na háird go léir.
Trasna an domhain gealann maidin chaoin.
Tárlaíonn sé seo nuair a beirtear naíon.

Seolann guí ciúin thar muir is tír,
Siosma a bhíonn ag leoithne,
Titeann amhras gan tasc gan rian
Tárlaíonn seo nuair a beirtear naíon.

Luíonn solas geal ar gach aon tír.
Bhraithir féin tú bheith ar thalamh
Ar feadh scaithimh ní bhíonn naíon gan mian.
Tárlaíonn seo nuair a beirtear naíon.

Taibhreamh tá ann, nó fós samhlaíocht
A cheithfidh slí teacht fós i gcríoch
Trasna an domhain gealann maidin chaoin.
Tarlaíonn seo nuair a beirtear naíon.

Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf This text has a note next to it: ‘Leathanach Na Rinne?’ (‘page from An Rinn?’) so the author, Clement, may have been unsure as to its provenance, and suggested it was from a leaflet from An Rinn.

When A Child Is Born / Ar Bhreith Naíonáin 

Unique Word Count: 97

Translation: Treasa Ní Cheannabháin 

Tá ábhar dóchais ag soilsiú ins an spéir,
Réiltín beag bídeach ag lasadh i bhfad i gcéin,
Trasna an domain go léir, breacann maidin bhreá,
Tarlaíonn sé seo ar bhreith naíonáin.

Tá mian ár gcroi ag seoladh farraigí,
Tá athrú ag teacht, sioscadh i mbarr na gcrann,
Amhras mór ar bith, imíonn sé ar fán,
Tarlaíonn sé seo ar bhreith naíonáin.

Scaip an sonas thart, aoibhneas agus grá
Faigheann tú mothúchán go bhuil socháin ins an domhan
Ar feadh achar gearr imíonn chuile phian,
Tarlaíonn sé seo ar bhreith naíonáin.

Tarlaíonn sé seo go léir mar tá an domhan ag fanacht,
Ag fanacht le naíonán amáin, dubh, bán, bui nó donn,
Ach naíonán a fhasfas suas ag tabhairt áthais in ionad bróin,
Grá in ionad gráin, síocháin in ionad cogaidh,
Agus dea-thoil i measc na gcomharsan,
Deireadh go deo le fulaingt agus ainnise.

Brionglóid go léir, agus cur i gcéill,
A thiocfas fíor mar go gcaithfidh sé,
Trasna an domhain go léir, breacann maidin bhreá
Tarlaíonn sé seo ar bhreith naíonáin.

Source: ‘Amhráin Na Nollaig’ by Róisín Elsafty & Ronan Browne