Unique Word Count: 256
An lá a chuaigh an Chrúibín go Toraigh, char chúnlaigh sí fodar ná féar. Chan ag búirthigh le hocras a bhí sí, ach cumhaidh a bhí uirthi ag gabháil siar. Níl seanbhean, bean óg ná leanbh, dá bhfaighdeadh braon dá cuid bainne le hól, Nach líonfadh de chroí agus d’aigne, mar a bhíos na searraigh Féile Eoin. Nach aoibhinn an saol atá i dToraigh ag Éamann is Caitríona Eoghain. Níl aon uair ar mhian leo a bleán ach nach líonfadh sí an canna fá dhó. Ach char chaith si seal fada ar an oileán ná gur thriall sí ar ais go tír mór Deir daoine nach gcoisceann sí an turas go nglanfaidh sí barra Ghaoth Dobhair. D’éirigh Éamann Ó Dubhchoin ina sheasamh is d’fhiafraigh cá deachaigh a bhó. Hubhradh go raibh sí i Mín a’ Chladaigh nó in Inis Bó Finne dá chomhair Deir daoine má chuaigh sí go Croithlí nach dual dithe pilleadh níos mó, Nó tá Cormac Rua ag déanamh curaigh agus thuas atá craiceann na bó. Ar Chormac ná maítear a craiceann, ba daor daoibh an duine a lua, Ach cuirfidh mé an cás i gcúirt Easpaig mura saortar go tapaidh an fear rua. Mar shamhailt na laochra a bhí i dTeamhair, a ngníomha ’s a n-aigne go buan, Nó an giorria á chloí lena chonairt is chan ag smaointiú ar churach a chur suas. A Éamainn Uí Dhubhchoin i dToraigh, dár mo chúis-se níor mhaith liom do bhrón. Nó ba tusa an fear fiúntach i mbaile, is go mb’fhearr thú ná triúr i dtigh an óil. Ach dá mairfeadh an Chrúbach i d’aice, bheadh liúdair chomh fairsing le móin. Níorbh fhearr léi siúl ar an talamh ná cúrsáil amach go tír mór. Beir scéala uaim siar chun na Rosann, ‘sair an Dálach arb ainm dó Aodh, Gur éalaigh an Chrúbach as Toraigh is go deachaigh sí anonn ar an ghaoith. Ba dhathúil a húth is a balláin, is ba dheas an greim saille ar a taobh. Go raibh sí sa Dún ag tabhairt bainne chomh haerach le bearach inlao. Nuair a tháinig an chrúbach chun an chladaigh rinne sise scairteach ar Aodh, D'éiríos go lúfar i mo sheasamh is bhí fionnadh in áit saill’ ar a taobh; Ní raibh ann acht na cnámha is an craiceann is is láidir a d’imigh sí chun scaoill, Gan coite gan bád ina haice a bhéarfadh go seascair í i dtír. Chuartaíos na cuantaí gan fheasbhaidh is a tuairisc ní bhfuaireas go fóill, Ach amháin dó go gcuala mé samhailt go deachaigh sí anonn go Gaoth Dobhair. Is Uí Dhónaill, nach cuimhin leat le n-aithris mar tugadh an Ghlas Ghaibhleanna mór, Go Toraigh ar lorg a rubaill is go dtáinig sí ar ais go tír mór?
“Bó iomráiteach a bhí sa Bhó Chrúbach, gan dabht ar bith. Maraíodh í, feannadh í, cuireadh í agus tógadh ómhairbh í. Thug sí bainne draíochta agus rinne sí iascaireacht. Moladh í agus cáineadh í, caoineadh í agus ceoladh í, agus ní gach aon bhó a bhfuil sin le maíomh aici!”
-As ‘Toraigh na dTonn’ leis an Athair Eoghan Mac Coilm