An Crúiscín Lán

An Crúiscín Lán – Leagan 1

Unique Word Count: 110

Nuair a gheobhas mé bás na cuirigí faoi fhód mé. 
Tugaí go tí a' leanna mé 'gus cóirigí ar bord mé
An áit a mbéidh mé 'g éisteacht le na mugannaí dá mbualadh 
Is gur binne liom naoi n-uaire é ná ceol binn na cuaiche
'Gus líontar dúinn an crúiscín agus bíodh sé lán.

Tá cailín ar an bhaile seo agus tá sí lách aerach 
Tá sí lách geanamhail 'gus loinnir ar a héadan
Macasamhail chan fhaca mé i mbaile nó in áthrach 
Ach an pamhsaí Neillí bhi ar thóin na loing’ a lathadh 
'Gus líontar dúinn an crúiscín agus bíodh sé lán.

An dtiocfaidh tú, nó 'n bhfanfaidh tú, nó 'n dtiocfaidh tú, a Dhomhnaill 
An dtiocfaidh tú nó 'n bhfanfaidh tú, nó 'bhfúil dó dhóthan ólta?
Tiocfaidh mé 's ní fhanfaidh mé, is tá mo dhóthan ólta
Is beidh an cailín deas agam má ghlacann sí mo chomhairle 
'Gus líontar dúinn an crúiscín agus bíodh sé lán.

Is deas a' baile an baile seo, is deas an baile Cnáimhsí
Is deise an baile an baile seo na baile ar bith 'san áit seo 
Tá siad cóngar aifrinn ann muilinn agus ceártan
'S nár mhéanar don mhnaoi óig bheadh ‘na cónaí ann ach ráithe
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

An Crúiscín Lán – Leagan 2

Unique Word Count: 113

Má éagaimse a choíche na cuirigí faoi fhód me,
Tugaigí go toigh a’ leanna mé agus cóirigí faoi chlár mé,
In áit a mbeidh mé ag éisteacht leis na muganna á mbualadh, 
Is gur binne liom naoi n-uaire é ná ceol binn na cuaiche — 
Agus líontar dúinn an crúiscín Ián.

Tá cailín ar an bhaile seo agus tá sí lach aerach, 
Tá sí lách geanúil agus loinnir ina héadan; 
Macasamhail ní fhaca mé i mbaile nó in athrach,
Ach an pósaí Neillí bhí ar thóin 'na loing’ a báthadh. 
Is líontar dúinn an crúiscín Ián.

An dtiocfaidh tu no 'n bhfanfaidh tii, nd'n dtiocfaidh tu, a Dhonaill? 
An dtiocfaidh tu no 'n bhfanfaidh tii no 'n bhfuil do phditfn dlta?
Tiocfaidh me 's ní fhanfaidh mé is ta mo phditfn dlta,
Is beidh an cailín deas agam má ghlacann sí mo chomhairle —
Is líontar dúinn an crúiscín Ián.

Is deas an baile an baile seo, is deas an baile Cnáimhsigh, 
Is deise an baile seo ná baile ar bith san áit seo;
Ta siad cóngar aifrinn ann, muilinn agus ceárta,
'S nach aoibhinn don bhean dg bheith 'na cónaí ann ach ráithe —
Is Iíontar dúinn an crúiscín Ián.