Cúnnla

Unique Word Count: 43

“Cé hé siúd thíos a’ leagan na gclaíochaí? 
Cé hé siúd thíos a’ leagan na gclaíochaí?
Cé hé siúd thíos a’ leagan na gclaíochaí?”
“Mise mé fhéin!” a deir Cúnnla

Curfá:
A Chúnnla chroí, ná tara níos gaire dhom,
’Chúnnla chroí, ná tara níos gaire dhom,
’Chúnnla chroí, ná tara níos gaire dhom,”
“M’anam go dtiocfaidh!” a deir Cúnnla.

“Cé hé siúd thíos a’ bualadh na fuinneoige?
“Cé hé siúd thíos a’ bualadh na fuinneoige?
“Cé hé siúd thíos a’ bualadh na fuinneoige?”
“Mise mé fhéin!” a deir Cúnnla

Curfá

“Cé hé siúd thíos a’ coigilt na tine dhom?
“Cé hé siúd thíos a’ coigilt na tine dhom?
“Cé hé siúd thíos a’ coigilt na tine dhom?”
“Mise mé fhéin!” a deir Cúnnla

Curfá

“Cé hé siúd thíos a’ cur uisce sa gcitil dhom?
Cé hé siúd thíos a’ cur uisce sa gcitil dhom?
Cé hé siúd thíos a’ cur uisce sa gcitil dhom?”
“Mise mé fhéin!” a deir Cúnnla

Curfá

“Cé hé siúd thíos a’ tarraingt na pluide dhíom?
’Gus cé hé siúd thíos a’ tarraingt na pluide dhíom?
’Gus cé hé siúd thíos a’ tarraingt na pluide dhíom?
“Mise mé fhéin!” a deir Cúnnla

Curfá

“Cé hé siúd thíos a’ tochas mo bhonnachaí?
“Cé hé siúd thíos a’ tochas mo bhonnachaí?
“Cé hé siúd thíos a’ tochas mo bhonnachaí?
“Mise mé fhéin!” a deir Cúnnla