Nóra Bheag

Unique Word Count: 80

"A Nóra bheag, cá raibh tú 'réir?"
'Sé dúirt mo mhamaí liomsa
"I gcúl a' tí ag tobar an uisce
'Foghlaim coiscéim damhsa"

Curfá:
'Gus iomba Nóra, Nóra, Nóra
'Gus iomba 's tú mo ghrá geal
'Gus iomba Nóra is tú mo stóirín
Tá mise dúnta i ngrá leat

B'aite le Nóra pís agus pónair'
B'aite le Nóra brandy
B'aite le Nóra prátaí rósta
Is d'íosfadh Nóra an t-im leo

Curfá

Dá mbeadh a'm ciste, níl ach toistiún,
Chuirfinn ort gúna álainn
Bhéarfainn fuiscí, tae 'gus brioscaí
'S bheinn ag gabháil cheoil go lá leat

Curfá

" 'S a Nóra bheag cá raibh tú 'réir?"
"Bhí mé i gcúl a' gharraí"
"Cé bhí a't fhéin ansin?"
"An píobaire beag 's a mhálaí!"